Gaeltacht

Téann daltaí ó Ranganna a Cúig agus a Sé go dtí Coláiste na Rossan i nDún na nGall ar feadh seachtaine gach bliain le haghaidh cúrsa speisialta do bhunscoileanna. Ní gá do gach dalta dul ann, mar (a) tá praghas air (€201 ar feadh seachtaine i 2002), agus (b) níl gach dalta reidh dul ar laethanta saoire gan a dtuismitheoirí fós. Téann beirt múinteoirí ann in éineacht leo (ach níl brú ar aoine dul ann). Ní théann aon tuismitheoir ar an turas seo (mar an gcéanna leis na bunscoileanna eile a bhíonn ann). Múineann an príomhoide na daltaí a fhanann sa bhaile. Múineann múinteoir in a hionad nuair a théann an príomhoide go dtí Dún na nGall ar feadh lá I lár na seachtaine. Baineann na daltaí a lán taitneamh as an turas, agus creideann na múinteoirí go ndéannann sé difríocht don a gcaighdeán Ghaeilge, comh maith.